Gig na Féile - Féile na Carraige 2023

Is féile bhliantúil í Féile na Carraige a bhíonn ar siúl i nGort na Móna, Béal Feirste, agus atá bunaithe ar thrí phríomhthéama: Páirteachas, Polaitíocht agus Pobal.

Bíonn gig acu gach bliain a chuireann críoch spraoiúl leis an fhéile agus i mbliana bhí sé níos mó ná riamh,

Ag seinm ag gig na bliana seo bhí Bláithín Mhic Canna agus Piaras Ó Lorcáin as Ard Mhacha Theas agus iad ag canadh ar an sean-nós, Conchúr Torbóid - nó Torby - rapálaí nua atá ag teacht chun cinn, The Shan Vans, grúpa rac-cheoil as Béal Feirste, Niamh Nic Ionnrachtaigh agus a banna ceoltóirí nua chomh maith leis an bhanna úr The Falls.

D'fhreastail Meon Eile ar an ócáid agus labhair muid le Bláithín agus Piaras faoin tábhacht a bhaineann le cineálacha éagsúla seánraí a thaispeáint ar an aon stáitse amháin. Labhair muid le hEoghan Ó Garmaille ó Ghlór na Móna a dúirt gurb í an ócáid seo an ceann ab ansa leis san fhéile ar fad.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close