An gheamaireacht ‘Babóg na Nollag’ i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

Bhailigh páistí agus múinteoirí bunscoile le chéile i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ar na mallaibh chun tús a chur le ceiliúradh na Nollag. Geamaireacht darb ainm ‘Babóg na Nollag’ a bhí ar siúl, dráma a bhaineann le déantóir bréagán sa Phol Thuaidh.

Is é Aisling Ghéar, compántas amharclainne Gaeilge lonnaithe i mBéal Feirste, a bhí i mbun na geamaireachta mar chuid de Fleadh Feirste. Labhair Meon Eile le Bríd Ó Gallchóir, a bhí mar stiúrthóir agus aisteoir sa seó, a d’inis dúinn faoin atmaisféar ar an lá agus an tábhacht le scéalaíocht fhisiciúil agus iad ag aisteoireacht os comhair páistí beaga.

Labhair muid fosta le Dónall Mac Giolla Chóilla scríobh an gheamaireacht agus a bhí ag aisteoireacht ann, faoin dóigh ar tháinig an smaoineadh chuige.

Thig leat níos mó a fháil amach faoi na seónna eile agus Fleadh Feirste anseo.

Close
Close