'Gáire in Éag' le Séan Ó Muireagáin

Foilsíodh an chéad chnuasach gearrscéalta leis an údar Seán Ó Muireagáin, 'Gáire in Éag', ar na mallaibh.

D'fhoilsigh an foilsitheoir ilmheán Éabhlóid an leabhar.

Bhí Eoghan Mac Giolla Bhríde ón chomhlacht, chomh maith le Ciarán Ó Cofaigh ó ROSG, i láthair ag an seoladh a bhí ar siúl mar chuid d'Oireachta na Samhna i mbliana.

Is bailiúchán de ghearrscéalta é an leabhar atá suite le linn na dTrioblóidí ó thuaidh agus is léiriú é achan scéal ar shaol na ndaoine agus na dúiche ag an am.

Ceithre ghearrscéal san iomlán atá sa leabhar, chomh maith le húrscéilín.

Bhí Meon Eile i láthair ag an chéad seoladh den leabhar agus seo mar a d'éirigh linn...

Close
Close