Gaeláras Mhic Ardghail faoi sheol

Bhí an tIonad nua Gaeilge, Gaeláras Mhic Ardghail, in Iúr Cinn Trá dubh le daoine oíche Aoine nuair a seoladh taispeántas dátheangach dár teideal ‘Trioblóidí’.

Bhí ‘Trioblóidí’ ar an cheathrú taispeántas a bhí eagraithe ag an chraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge le bliain anuas agus bhí na cinn eile bunaithe ar théamaí oidhreachta éagsúla: An tIúr le linn an Dara Cogadh Domhanda (do Bhunscoil an Iúir), Teachtaireacht i mBuidéal (i gcomhpháirt le Cumann N. Eoin Bosco, CLG), agus Comóradh ar Choláiste Bhríde Ó Méith. Fuarthas tacaíocht ón Heritage Lottery Fund chun na taispeántais spéisiúla seo a chur ar fáil.

Ta Gaeil an Iúir ag fanacht ar Ionad Gaeilge dá gcuid féin le fada an lá agus tá an-áthas ar an bpobal go bhfuil Gaeláras Mhic Ardghail anois anseo.

Beidh ranganna Gaeilge ar siúl sa Ghaeláras agus is cinnte go mbeidh fonn ar níos mó daoine úsáid a bhaint as an teanga agus an t-ionad nua Gaeilge seo sa chathair.

Gaeláras Mhic Ardghail faoi sheol / Sarah de Búrca

Chun níos mó eolais a fháil ar Gaeláras Mhic Ardghail cliceáil anseo.

Close
Close