'Gaeilge Faoin Tuath' le Sorcha Ní Dhoibhlin

Don dara clár sa tsraith 'Gaeilge Faoin Tuath', chuaigh Meon Eile ar cuairt chuig Sorcha Ní Dhoibhlin agus a teaghlach óg ar an Mhuine Glas, Contae Aontroma. Bhí deis againn labhairt léi faoina saol agus í ag tógáil beirt pháistí óga tríd an Ghaeilge. 

Oibríonn Sorcha sa naíscoil áitiúil agus imríonn an Ghaeilge ról lárnach ina saol féin agus i saol a teaghlaigh. Labhair sí linn faoi chuid de na dúshláin a bhaineann le bheith taobh amuigh den chathair agus na dóigheanna ar féidir linn an teanga a chur chun cinn i gceantair thuaithe.

Close
Close