'Focail Eile' - Ag nascadh litríocht mhionteangacha na hEorpa

'Focail Eile' - Ag nascadh litríocht mhionteangacha na hEorpa

Is tionscadal comhpháirtíochta é ‘Focail Eile’ idir eagraíochtaí cultúrtha i réigiúin Eorpacha a bhfuil d’aidhm aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chur ar bun do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh.

Togra é de chuid Donostia Kultura agus San Sebastian 2016 i dTír na mBascach agus a chuimsíonn Éire, an Mhacadóin, an tSlóivéin, An Fhreaslainn agus Euskal Herria féin.

Tá sé mar sprioc ag an tionscadal seo aird a tharraingt ar théamaí sóisialta agus grúpaí a bhaineann le mionteangacha, chomh maith le comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí agus ealaíontóirí i mionteangacha agus teangacha mionlaigh.

'Focail Eile' - Ag nascadh litríocht mhionteangacha na hEorpa

Is file, eagarthóir agus léiritheoir de chuid na Slóivéine í Petra Kolmančič a rugadh in 1974 in Ptuj. Oibríonn sí in Ionad Cultúir Óige Maribor, áit a mbíonn sí ag plé le táirgeadh litríochta agus léiriú imeachtaí taibhithe chomh maith le cláir chultúir a chomhordú agus a eagrú.

Foilsíodh dánta Petra cheana in irisí agus i ndíolaimí liteartha ag an mbaile agus thar lear. Rinneadh a saothar a aistriú go Gearmáinis, Béarla, Ungáiris, Spáinnis, Cróitis agus Boisnis.

In 2014 bhuaigh Petra an Duais Filíochta iomráiteach Veronika ar son na díolama filíochta is fearr lena bailiúchán dánta dar teideal ‘P(l)ast za p(l)astjo’

Seo thíos Petra ag léamh a dáin MEITEASTÁIS

MEITEASTÁIS le Petra Kolmančič

Tá sé fograithe ag Foras na Gaeilge gurb é Cathal Poirtéir an dara scríbhneoir le seal a chaitheamh thar lear mar chuid den tionscadal Focail Eile.

Beidh Cathal ag dul chun na Slóivéine ó mhí Dheireadh Fómhair go deireadh mhí na Samhna agus beidh sé lonnaithe i Maribor.

Cosúil le Petra Kolmančič, a chaith seal i nGaeltacht Thír Chonaill, beidh Cathal ag diriú ar a shaothar scríbhneoireachta, agus beidh sé páirteach in imeachtaí a bhaineann le mionteangacha nuair a bheas sé ann.

Close
Close