Fleadh Uladh 2023

Is ar an Droim Mór i gContae Thír Eoghain a bhí Fleadh Uladh ar siúl don dara bliain as a chéile an deireadh seachtaine seo caite agus lá den scoth a bhí ann, idir an ceol binn agus an tsiamsaíocht timpeall chearnóg an tsráidbhaile.

Bhí Meon Eile i láthair Dé Sathairn, lá a cuireadh ceol den scoth ar fáil do mhuintir na háite chomh maith le siamsaíocht, stallaí agus bia ó neart gnólachtaí áitiúla. Ar a bharr sin, ar ndóigh, bhí na comórtais faoi lán seoil sa bhaile fosta i gceithre ionad éagsúla agus foireann agus oibrithe deonacha na Fleidhe ag obair go crua.

Bhí deis ag Meon Eile labhairt le hUachtarán Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Éamonn Ó hArgáin, agus le hOifigeach Forbartha Gaeilge Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar an Droim Mór, Cónall Mac Cú Uladh.

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann 2023 ar siúl idir an 6ú agus an 14ú lá de mhí Lúnasa agus is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin fhéile anseo.

Close
Close