Fleadh Uladh 2013

Bhailigh beagnach 25,000 duine ar Fhleadh Uladh 2013, a tháinig chun críche ar an Droim Mhór, Contae Thír Eoghain, an lá inné.

B’fhiú beagnach £3 milliún é don gheilleagar áitiúil, dar le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Ba í an chéad uair do Fhleadh Uladh a bheith ar siúl sa bhaile.

D’fhreastail Meon Eile ar ‘Lá na Gaeilge’ le linn na Fleidhe agus seo chugaibh muintir na háite ag caint faoin fhéile mhór bheith sa cheantar mar aon le ceol breá.

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann i nDoire Cholm Cille i gceann coicíse, an chéad uair don fhéile imeacht thar theorainn an tuaiscirt. Beidh Meon Eile ar an láthair fosta, coinnigí súil amach dúinn!

Fleadh Uladh
Close
Close