Fleadh Cheoil Ard Mhacha 2024

Is ar an Phort Mór i gContae Ard Mhacha a bhí Fleadh Cheoil Ard Mhacha ar siúl an deireadh seachtaine seo caite agus lá den scoth a bhí ann, idir an ceol binn agus an tsiamsaíocht timpeall an tsráidbhaile.

Bhí Meon Eile i láthair Dé Sathairn agus an ghrian ag soilsiú. Bhí atmaisféar beo bríomhar timpeall na háite ó na seastáin bialainne go léir, uachtar reoite agus ceol beo don phobal taobh amuigh. Ar a bharr sin, bhí na comórtais go léir faoi lán seoil in St Jarlath's Primary School agus foireann agus oibrithe deonacha na Fleidhe ag obair go crua ó mhaidin oíche.

Bhí deis ag Meon Eile labhairt le hOifigeach Gaeilge Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar an Phort Mór, Mary Murphy, chomh maith le roinnt daltaí ceoil ón Chomhaltas céanna, Aoife, Farragh agus Alice. Bhuail muid le hAodh Mac Murchaidh as deisceart Ard Mhacha, a bhí ag glacadh páirt i roinnt comórtas é féin agus a raibh a dhaltaí ceoil féin ag glacadh páirte fosta.

Bhí an deis againn taifead a dhéanamh ar roinnt ceoltóirí óga agus iad ag ullmhú do na comórtais ar an lá. Ba iad siúd ná: Katie agus í i mbun amhránaíochta, Megan, Matthew agus Joshua ag seinnt mar ghrúpa, Niamh agus Áine ag canadh le chéile agus Emily, Dearbhla agus Maeve ag seinnt mar ghrúpa.

Beidh Fleadh Uladh 2024 ar siúl ar an Droim Mór i gContae Thír Eoghain don tríú bliain as a chéile idir an 21 agus an 28 Iúil.

Close
Close