Féile Scoildrámaíochta 2023


Inniu Lá Domhanda na hAmharclannaíochta agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid, thug Meon Eile cuairt ar scoileanna i mBéal Feirste a ghlac páirt i bhFéile Scoildrámaíochta 2023. 

Bunaíodh an Fhéile Scoildrámaíochta 99 mbliana ó shin agus tá sé ag dul ó neart go neart gó shin. Is comórtas drámaíochta uile-Éireann é ina mbíonn scoileanna san iomaíocht i mbabhtaí contae agus cúige, sula dtéann na buaiteoirí ar aghaidh go dtí an babhta náisiúnta, áit a n-ainmneofar dráma scoile amháin mar ollbhuaiteoir. Is i mí an Mhárta 2020 a eagraíodh an fhéile go deireanach, an lá roimh an dianghlasáil agus ní raibh aon scoil in ann dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile - mar sin is speisialta an comórtas é i mbliana.

Thug Meon Eile cuairt ar Ghaelscoil na bhFál agus ar Bhunscoil an tSléibhe Duibh in Iarthar Bhéal Feirste chun labhairt leis na daltaí agus iad ag ullmhú don sárthaispeántas a chuirfí ar ardán i gColáiste Feirste. Labhair muid fosta le Fionnuala Ní Mhealláin atá ina cathaoirleach ar Fhéile Scoildrámaíochta Bhéal Feirste agus ar muinteoir i mBunscoil an tSleibhe Duibh í, a liostaigh buntáistí uile na drámaíochta, go háirithe do pháistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna.

I mbliana, tháinig seacht mbunscoil ó gach cearn de Chontae Aontroma le chéile i gColáiste Feirste le dráma s'acu a chur i láthair. Labhair muid le Suzanne Waring, an múinteoir drámaíochta i gColáiste Feirste, a bhí ina moltóir ar an chomórtas chomh maith. San fhíseán labhraíonn sí faoi na gnéithe éagsúla a bhí á lorg aici i ngach dráma agus an fáth, dar léi, gurb í an drámaíocht an t-ábhar is tábhachtaí ar churaclam na scoile.

Seo thíos liosta de bhuaiteoirí Fhéile Scoildrámaíochta chontae Aontroma 2023:

Comórtas 5 - Gaelscoil na Móna

Comórtas 6 - Gaelscoil an Chaistil

Comórtas 7- Bunscoil an tSléibhe Dhuibh

Comórtas 8-  Scoil na Fuiseoige

Comórtas 9 - Bunscoil Phobal Feirste

Scothléiriú (an dráma a thuill an méid is mó pointí) - Bunscoil an tSléibhe Dhuibh

Tá tuilleadh eolais faoin chomórtas le fáil anseo.

Close
Close