Plé ar an chneasú ag Scoil Earraigh AE George Russell in Ard Mhacha

Cuireadh Scoil Earraigh de chuid Chumann AE George Russell ar siúl den chéad uair an deireadh seachtaine seo caite in Aonach Mhacha, ionad Gaeilge agus cultúir Chathair Ard Mhacha. Is ar théarma an chneasaithe a dhírigh an scoil agus bhí réimse leathan imeachtaí ar bun timpeall Chontae Ard Mhacha chun léargas a thabhairt ar an tsaincheist seo: léachtaí, taispeáint scannán, ócáidí amuigh faoin aer in Eamhain Mhacha agus Úirchill an Chreagáin, agus léamh shaothar AE Russell. Táthar ag súil go leanfaidh an fhéile ar aghaidh bliain i ndiaidh bliana as seo amach.

Éireannach as an Lorgain i gContae Ard Mhacha a bhí in George Russell, a d’úsáid an t-ainm cleite ‘AE’ chomh maith. File, ealaíontóir, aisteoir, eacnamaí agus fealsamh misteach a bhí ann, agus fuair sé bás sa bhliain 1935. Mar sin de, beidh ceiliúradh ar siúl le linn na bliana seo le comóradh a dhéanamh ar 90 bliain óna bhás.

D'fhreastail Meon Eile ar an Scoil Earraigh Dé Sathairn agus plé painéil ar siúl idir Réamonn Ó Ciaráin, comhstiúrthóir na féile, agus le Ramona Kitto Stately, ball den Santee Sioux Dakota Nation, bundúchasach as na Stáit Aontaithe, a tháinig ar cuairt speisialta lena muintir. Dhírigh an chaint ar an chneasú i gcultúr na mbundúchasach agus ar na cosúlachtaí idir cultúr na nGael agus an pobal Dacótach.

Close
Close