Bhí ardcheol agus sárchraic le fáil i Ráth Chairn glas na Mí agus Féile na Gealaí ag titim amach Dé hAoine agus Dé Sathairn seo caite.
Bhí na sluaite Gael, idir Éireannaigh agus Albanaigh, i láthair leis an deichiú bliain den fhéile a cheiliúradh in ainneoin na fearthainne, an fhuachta agus an chlábair. I measc na gceoltóirí a bhí le cluinstin ar an ardán bhí SexyTadhg, Huartan, Grooveline, Le Boom, Jiggy agus Clann Mhic Ruairí.
Labhair Edel Ní Churraoin, ball de choiste Fhéile na Gealaí, le Meon Eile faoi thús na féile agus faoin sprioc a bhí ag na heagraitheoirí sna luathlaethanta, i gcodarsnacht le sprioc na féile sa lá atá inniu ann. Bhí deis againn labhairt le Maitiú Ó Conghaile ón bhanna chlúiteach Grooveline sular cuireadh tús lena seit tráthnóna Dé Sathairn, agus d’inis Pól Ó Néill dúinn faoin chúis a dtagann sé ar ais go Féile na Gealaí achan bhliain.


