Féile Mela 2024

I mbliana rinneadh ceiliúradh ar an 18ú heagrán den fhéile Mela a bheith i mBéal Feirste.

Is í ag eagraíocht ArtsEkta a chuir tús le Mela den chéad uair in 2007 agus anois tá an fhéile ar cheann de na féiltí is mó sa Tuaisceart.

Is i nGairdiní Botanic i ndeisceart na cathrach a bhíonn an spraoi ar siúl agus bia, ceol, damhsa agus eile as gach cearn den domhan tugtha le chéile chun éagsúlacht na sochaí s’againne a leiriú agus a cheiliúradh.

Bhí Meon Eile i láthair ar an lá iontach seo agus labhair muid le bunaitheoir na féile, an Dr. Nisha Tandon, a d’inis dúinn faoi thús na féile agus faoin dóigh ar fhorbair sé idir an dá linn. Thug an tAire Sóisearach, Aisling Reilly, cuairt ar an fhéile fosta agus labhair sí linn faoi thábhacht na féile do Bhéal Feirste.

I measc na gcéadta ealaíontóirí a bhí ann i mbliana, bhí an ceoltóir clúiteach Gráinne Holland a rinne seó nua páistí darb ainm ‘Slí na Sí’. Bíonn roinnt de na carachtair ó Thuatha Dé Danann ann agus aidhm s’acu ná a bheith ag teagasc do pháistí an tábhacht a bhaineann leis an dúlra a chaomhnú trí cheachtanna draíochta. Dúirt Gráinne go bhfuil sí iontach bródúil as bheith páirteach san fhéile don dara huair anois agus go bhfuil sí ag dúil leis na blianta atá le teacht.

Close
Close