Féile Mela 2022

Bhí Féile Mela 2022 ar siúl an tseachtain seo caite i mBéal Feirste agus bhuail Meon Eile isteach leis an spraoi a bhlaiseadh.

Labhair muid le hAoife McCrory ó Artsekta, an grúpa a eagraíonn an fhéile, faoi cad é go díreach a bhí ar siúl an tseachtain ar fad.

Oibríonn Artsekta le daoine ó gach tír agus cultúr chun iad a thabhairt le chéile agus an t-ilchultúrachas a cheiliúradh.

Bhí imeachtaí ar siúl an tseachtain ar fad agus bhí lá mór acu i nGáirdíní Botanic Dé Domhnaigh.

Bhí an ceoltóir iomráiteach, Gráinne Holland, páirteach san fhéile agus labhair sí linn faoin sult ar fad a bhaineann sí as ócáidí ar nós an Mela agus faoin tábhacht atá le cultúir éagsúla a thabhairt le chéile.

Close
Close