Féile le Chéile i nDoire

Cuireadh tús le Féile le Chéile i nDoire an tseachtain seo caite agus mhair sí an deireadh seachtaine ar fad. Bhí go leor imeachtaí ar siúl ag Cultúrlann Uí Chanáin, an t-ionad a chuir tús leis an fhéile chun an ceoltraidisiúnta a chur chun cinn.

Chomh maith leis an fhéile féin, bhí Doire ag ceiliúradh 50 bliain den cheol traidisiúnta agus ceolchoirmeacha á reáchtáil ar fud na cathrach.

Labhair Meon Eile le Paul McIntyre ó Acadamh an Cheoil, an Dr Josie Nugent, teiripeoir ceoil a bhí ag tabhairt ceardlann cheoil d'othair néaltraithe, Ryan Harling ó Chultúrlann Uí Chanáin agus Fionntán Darragh, a d'fhreastail ar fhormhór na n-imeachtaí.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close