Eagraíodh féastaí sráide trí Ghaeilge fud fad na tíre Dé Domhnaigh an 5 Bealtaine. Oireachtas na Gaeilge a mhol do ghrúpaí in achan chearna den tír comhluadar Gaelach a tharraingt le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh.
Rinne Cultúrlann McAdam Ó Diaich i mBéal Feirste amhlaidh agus thug Meon Eile cuairt orthu.
Ghlac foireann na Cultúrlainne an deis ceiliúradh a dhéanamh ar dheasghnátha na féile Bealtaine agus tús an tsamhraidh buailte linn...