'Faiteach - Aiteach' - sraith aistí úrnua seolta ag Dónall Mac Giolla Chóill

Seoladh leabhrán ar leith dar teideal 'Faiteach - Aiteach' ar na mallaibh leis an scríbhneoir aitheanta as Tír Chonaill, Dónall Mac Giolla Chóill. Is é seo an chéad eisiúint sa tsraith aistí 'Tails of the City’ a thugann léargas ar eispéireas daoine aiteacha i mBéal Feirste agus ar an saol uirbeach ó dhearcthaí éagsúla. Seolfar trí choimisiún eile idir seo agus an fhéile Outburst i mí na Samhna. Beartaíodh 'Faiteach - Aiteach' a sheoladh mar chuid den fhéile Liú Lúnasa 2024.

San aiste phearsanta chumhachtach ionraic seo, déanann Dónall scrúdú domhain ar an eispéireas aiteach Gaelach a bhí aige, go háirithe nuair a bhog sé ón saol tuaithe go Béal Feirste breis agus 25 bliana ó shin, agus na difríochtaí is mó a mhothaigh sé ó thaobh caighdeán saoil de mar Ghaelgeoir agus mar dhuine aiteach ag an am. 

Déanann Dónall machnamh ar a shaol i Mín an Chladaigh i nGaeltacht Dhún na nGall mar ghasúr agus mar fhear óg, nach raibh an spás nó fiú an meas ceart tugtha do dhaoine ón phobal LADTA+ ná do chainteoirí Gaeilge, agus gur minic a bhí an foclóir a úsáideadh faoin phobal aiteach maslach agus diúltach, i ngan fhios do dhaoine an chuid is mó den am.

Scríobhann Dónall ansin faoi thaithí s'aige i mBéal Feirste agus é ag dul i dtaithí ar an saol Ghaelach agus aiteach sa chathair. Cuireann sé béim chomh maith ar an tábhacht a bhaineann le nasc a chothú agus a fhorbairt idir na mionlaigh go léir, gur féidir leo tacú lena chéile agus iad féin a neartú nuair a oibríonn siad le chéile.

D'fhreastail Meon Eile ar an seoladh galánta sa Ledger Studio, University of Atypical, i lár Bhéal Feirste, a bhí plódaithe le cairde agus muintir Dhónaill, chomh maith le go leor daoine eile a bhí ann le tacú leis.

Is féidir 'Faiteach - Aiteach' a cheannach ón Cheathrú Póilí anseo.

Foilsíodh 'Faiteach - Aiteach' ag Outburst Arts 2024. Tá an tsraith 'Tails of the City' mar chuid de 'Are You On the Bus?', comhpháirtíocht idir Outburst Arts, Kabosh agus Paperxclips.

Close
Close