Fair Plé ag cur leis an chomhrá ceolmhar i mBéal Feirste

Mar chuid den fhéile 'Women's Work', reáchtáil Fair Plé roinnt ceardlanna agus cainteanna chun mná ceolmhara a chur ar an eolas faoi eilimintí éagsúla de shaol an cheoil.

Ón innealtóireacht fuaime agus camchuairteanna go cúrsaí maoinithe, bhí comhráití suimiúla agus spreagúla ag an dream a d'fhreastail ar an fhéile sa Duncairn i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Bhí Meon Eile i láthair chomh maith agus labhair muid le roinnt de na ceoltóirí a bhí páirteach ann.

Close
Close