Féilte móra na nGael - Ráth Chairn agus Sráid Fhearchair

Beidh féilte móra Gaeilge ar siúl an deireadh seachtaine seo, idir Fhéile na Gealaí i Ráth Chairn na Mí agus Ravelóid sa Chathair i mBaile Átha Cliath.

I ndiaidh gur fógraíodh nach mbeadh Ravelóid ag tarlú ag Caisleán Ard Giolláin mar a bhí pleanáilte, cuireadh pleananna le chéile do Ravelóid sa Chathair a bheas ag dul ar aghaidh sa Sugar Club agus ag Uimhir 6, Sráid Fhearchair BÁC ón lá inniu go dtí an Satharn.

Beidh Féile na Gealaí ina mbeidh ceol faoin aer, siamsaíocht agus campáil ar siúil i Rath Chairn ó Dé hAoine go dtí Dé Domhnaigh. Chinn grúpa Gaeilgeoir óga trí seachtaine ó shin go ndéanfadh siad féile cheoil agus champála a eagrú don deireadh seachtaine seo sa Ghaeltacht.

Seo agallamh le heagraitheoirí ón dá fhéile faoin deireadh seachtaine mór siamsaíochta amach romhainn…

Barúil ón Bhosca

Tá tuilleadh eolais ar Fhéile na Gealaí le fáil anseo agus ar Ravelóid sa chathair le fáil anseo.

Close
Close