Féile Open House: Winter Weekender

Féile Open House: Winter Weekender

Ar an bhfód ó 1999, tarlaíonn Féile Open House i mí an Mheithimh gach bliain, iad ag cur scoth na gceoltóirí folk, roots agus traidisiúnta ón oileán seo agus ó thar lear ar an stáitse. Ach ní sin an t-aon imeacht a reáchtálann siad. Tá an Winter Weekender anois mar fhéile bheag ann féin, é roinnte idir Béal Feirste agus Beannchar.

Bhí Méabh O’Hare, Pauline Scanlon, Noriana Kennedy agus Jefferson Hamer ag seinnt sa Black Box mar chuid den cheiliúradh, agus bhí Meon Eile ann chun labhairt leo agus sampla den cheoil a fháil.

Seo triúr bean agus fear óg atá ag dul i bhfeidhm go mór ar shaol ceoil na n-oileán seo agus níos faide i gcéin. Is minic a sheinneann siad i ngrúpaí éagsúla agus go haonarach, ach seo an chéad uair a rinne an ceathrar ceolchoirm le chéile. D’ainneoin sin, ba léir go raibh siad ar fad ar a gcompord, iad ag sní foinn ó sheanraí éagsúla le chéile gan stró.

Tá éagsúlacht agus comhaimsearthacht ag croílár na féile seo, agus beidh an cúigiú Féile Open House déag ag tarlú níos déanaí i mbliana, ó 19ú go 23ú de mhí an Mheithimh.

Féile Open House: Winter Weekender / Fearghal Ó Maolagáin
Close
Close