Féile Eddie Butcher

Féile Eddie Butcher
Féile Eddie Butcher / Sarah de Búrca

Rugadh Eddie Butcher sa bhliain 1900 agus d’oibrigh sé mar fheirimeoir agus é ina óige ach ba mar gheall ar a chuid ceoil a bhain sé cáil amach dó féin.

Ba cheoltóir, amhránaí is scríbhneoir den scoth é agus bhíodh Eddie agus a triúr deartháireacha go minic ag ceol agus ag canadh timpeall chathair Dhoire.

Bhí níos mó ná céad amhrán ag Eddie, go leor acu cumtha aige féin. Bhain sé clú amach sna seascaidí agus is cinnte gur cailleadh laoch sa bhliain 1980 nuair a fuair sé bás. Bíonn Féile Eddie Butcher ar siúl gach Meán Fómhair anois ina chuimhne.

Bíonn an fhéile i gcónaí lán le ceol, craic agus sonas. I mbliana bhí Meon Eile i láthair i nDún Geimhin nuair a bhí scoláirí áitiúla ag ceiliúradh Eddie Butcher trí cheolchoirm a chur ar siúl.

Close
Close