Ealaín agus Ceardaíocht in Ionad na Fuiseoige

Chuir Ionad na Fuiseoige tús le clár imeachtaí nua s’acu ar na mallaibh. Is mór an éagsúlacht atá le feiceáil ann idir ranganna ceoil, ealaíne, ceardaíochta, Gaeilge agus cuid mhaith eile.

Is ionad pobail, cultúrtha agus teaghlaigh é Ionad na Fuiseoige atá suite i gcroílár cheantar Cill Uaighe in Iarthar Bhéal Feirste. Cuireann siad spás fáiltiúil ar fáil ó lá go lá don phobal áitiúil agus tá siad tiomanta don oibre a bhíonn ar bun acu chun an pobal a thabhairt le chéile, ní hamháin leis an Ghaeilge a chur chun cinn ach le tacaíocht a chur ar fáil d’aon aon duine ar a bhfuil sé de dhíth.

Thug Meon Eile cuairt ar Rang Fuála s’acu ar na mallaibh, áit ar bhailigh tuismitheoirí áitiúla chun scileanna nua a fhoghlaim agus caidrimh nua a thógáil. Cuireann an t-ionad seirbhís cúram lae lán-Ghaeilge ar fáil do na daoine a bhfuil páistí acu le linn an ranga fosta.

Is léir an fhorbairt atá ag teacht ar an ionad ón mhéadú suntasach ar líon na ndaoine ag freastal ar na himeachtaí difiriúla ann agus tá an fhoireann sona sásta an tseirbhís seo a chur ar fáil.

Close
Close