Bhí halla Áislann Rann na Feirste lán go béal ar na mallaibh agus slua tagtha chun dráma úr darb ainm ‘Mo Chró Beag i dTóin a’ Bhaile’ a fheiceáil.
Scéal grinn atá sa dráma. Croí an scéil ná beirt deirfiúracha agus a mam atá ina gcónaí i dTóin an Bhaile, ceantar i Rann na Feirste, i lár an 20ú haois agus an imirce le feiceáil go forleathan sa tír. Agus iad beirt sa tóir ar fhir, imíonn duine de na deirfiúracha go dtí na Stáit Aontaithe agus pósann sí seanfhear. Titeann rudaí as a chéile nuair a thagann an lánúin ar ais ar cuairt go Tóin an Bhaile.
Bronnfar leath den airgead a bailíodh ó dhíol na dticéad ar Áislann Rann na Feirste agus bronnfar an leath eile ar charthanacht áitiúil darb ainm Gemma’s Legacy of Hope a ainmníodh in ómós do Gemma Boyle ó Ailt an Chorráin a fuair bás in 2020. Cuidíonn an charthanacht le daoine a bhfuil tinneas intinne orthu i gceantar na Rosann agus Bhaile na Finne.
Labhair Meon Eile le Pól Ó Gallchóir, léiritheoir ‘Mo Chró Beag i dTóin a’ Bhaile’, agus le Nuala Ní Mhaolchalainn, scríbhneoir an dráma.