'Seanchas Sheáin Néill' le Brídanna Ní Bhaoill seolta


Seoladh an dlúthdhiosca 'Seanchas Sheáin Néill' le Brídanna Ní Bhaoill in Óstán Caisleáin Óir in Anagaire ar na mallaibh.

Tháinig teaglach agus cairde Bhrídanna le chéile le ómós a thabhairt do chlann Sheáin Néill.

Oíche mhór ceoil agus siamsíochta a bhí ann ó thús deireadh. 

Bhí an t-aisteoir Niall Mac Eamharcaigh mar fhear an tí ar an ócáid agus sheol Dinny Dhónaill Ó Dómhnaill an dlúthdhiosca go hoifigiúil.

I measc na gceoltóirí a bhí ar an ardán, bhí Daire Ó Baoill, Clíona Ní Ghallachóir, Brian Danny Minnie, Diane Ní Chanáin, Naoise Ó Baoill agus Mairéad Ní Mhaonaigh.

Rugadh agus tógadh Brídanna Ní Bhaoill i dteach Sheáin Néill i Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill. 

Bhí cónaí uirthi lena máthair Biddy, a máthair mhór Annie agus a garuncail, Micí Sheáin Néill.

D'fhás Brídanna aníos ag éisteacht leis an saibhreas a bhí ag Biddy, Annie agus ag Micí é féin. Scéalaí mór le rá a bhí i Micí a raibh seanchas Sheáin Néill go smior ann.

Tá seacht scéal agus cúig dhán le fáil ar an dlúthdhiosca. 

Scéalta fiannaíochta agus grá is mó atá iontu a bhfuil saibhreas iontach teanga ag baint leo. Faightear focla agus nathanna cainte iontu nach gcluintear i gcaint na ndaoine a thuilleadh.

Is í an aidhm atá ag Brídanna leis an dlúthdhiosca seo ná an traidisiún a tugadh di a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile agus ómós a thabhairt do mhuintir Sheáin Néill. 

Seolfar an dlúthdhiosca arís le linn Oireachtas na Samhna, ag na seastáin ag a 5in Dé hAoine 1 Samhain agus arís eile an 16ú Samhain i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.

Close
Close