Dlúthdhiosca úr seolta ag Aodh Óg Ó Duibheannaigh

Dlúthdhiosca úr seolta ag Aodh Óg Ó Duibheannaigh

Tá clú ar Aodh Óg Ó Duibheannaigh, nó Charlie Burn mar ab fhearr aithne air, siocair a chuid rógaireachta mar adhlacóir sa tsraith grinn CU Burn a craoladh ar TG4 sna 90í.

Ach ní magadh nó greann atá ar bun aige anois agus a chéad dlúthdhiosca aonair seolta aige.

Meascán de shean-amhráin de bhunadh a cheantair dhúchais mar aon le traiceanna nua-chumtha atá san albam seo, dar teideal ‘Carraig a’ Choill’, a spreagfaidh óg agus aosta mar an gcéanna.

Thug muid cuairt ar Aodh le gairid agus é sa bhaile i gCarraig ’a Choill, Rann na Feirste, i dTír Chonaill.

Tá Aodh ag ceol le blianta fada agus is mór leis leis an t-amhrán ‘Doire Cholm Cille’ agus ’An Chéad Mháirt de Fhómhar ’ ach go háirithe.

Dlúthdhiosca úr seolta ag Aodh Óg Ó Duibheannaigh
Close
Close