Leabhair úrnua seolta ag Art Hughes agus Cathal Póirtéir

Féile Nollag áitiúil is ea Fleadh Feirste a bhíonn á reáchtáil ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste sa chéad seachtain de mhí na Nollag. Achan bhliain bíonn seoladh mór leabhair ann agus an iarraidh seo bhí beirt údar aitheanta i lár an aonaigh.

Saothar staire leis an scríbhneoir agus craoltóir Cathal Póirtéir a seoladh ar dtús. 'An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair' is teideal dá leabhar agus le linn an tseolta bhí Cathal faoi agallamh ag an Ollamh Dónall Ó Baoill a phléigh an tionchar a bhí ag Hill ar an cheantar Gaeltachta sa 19ú haois.

'An Cairdeagan Buí', an chéad úrscéal leis Dochtúir Art Hughes, an dara leabhar a seoladh. Léigh Art sleachta óna shaothar agus rinne sé plé air in éineacht le hEoghan Mac Giolla Bhríde, ón fhoilsitheoir Éabhlóid, agus leis an léachtóir ollscoile Tracey Ní Mhaonaigh.

Labhair Meon Eile leis an bheirt údar agus le Dónall Mac Giolla Chóill a bhí ina fhear an tí ag an ócáid.

Tá an dá leabhar ar fáil anseo.

Close
Close