Cuireadh críoch le camchuairt an dráma iontaigh 'Dathanna Geala Amháin' sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar na mallaibh le dhá oíche ghnóthacha. Scríofa ag Pauline Goldsmith, is dráma dúghrinn é seo atá lán le beocht agus croí. Is í Brídín Ní Mhaoldomhnaigh aisteoir an dráma aonair ina mbíonn roinnt mhaith carachtair éagsúla á gcur i láthair aici ar stáitse ar feadh beagnach dhá uair an chloig.
Glacadh an lucht féachana ar thuras fíorspéisiúil idirghníomhach ó thús deiridh. Is faoin bhás atá an dráma agus é suite i dteach faire. Cuireadh fáilte dhaoine le tae, caifé, uisce beatha agus ceapairí sula ndeachaigh siad isteach san amharclann lena gcomhbhrón a chur in iúl do Bhrídín. Gach oíche fosta tugadh an deis do bheirt nó triúr suí ar an tolg sa seomra suite le Brídín agus a bheith mar chuid den scéal.
Bhí Meon Eile i láthair ag an oíche dheireanach den chamchuairt, an dara hoíche i mBéal Feirste. Labhair muid le Brídín, le Pauline, agus le stiúrthóir an dráma, Muireann Kelly.