Tá fás agus forbairt ag teacht ar dhrámaí teilifíse Gaeilge, le haitheantas iomráiteach IFTA agus Féile na Meán Ceilteach faighte ag roinnt de na sraitheanna is déanaí, ach cad é atá i gceist go díreach le dráma teilifíse i mionteanga a léiriú?
Stiúrthóir agus scríbhneoir é Darach Mac Con Iomaire a bhfuair a shraith Corp & Anam ardmholadh ón lucht feachána agus lucht critice araon.