An damhsa Gaelach á mearscaipeadh go fairsing ar na meáin shóisialta

In 2017 bhuail triúr damhsóirí Gaelacha le chéile le físeán a dhéanamh chun tacú leis an Irish Cancer Society. Rinne siad taifeadadh díobh féin i mbun damhsa agus thaitin sé leo an méid sin gur shocraigh siad leanúint ar aghaidh leis.

Ghlac an Cairde Dance Company le dúshlán ar TikTok ina raibh orthu damhsa agus canadh le hamhrán de chuid Taylor Swift, ach chuir siad casadh s’acu féin air agus phléasc an físeán ar líne thar oíche. Go dtí seo tá 5.2 milliún radharc faighte aige.

I mí Lúnasa, chuir siad físeán eile in airde ina bhfuil siad ag damhsa leis an amhrán ‘Banjo Beats’. Is é seo an físeán a bhain clú agus cáil amach do na leaideanna. Ta níos mó na 75 mhilliún radharc aige sin agus an líon sin ag meadú achan seachtain. 

Agus leantóirí acu sa tSín, sa Rúis agus i SAM, gan ach cúpla tír a lua, tá siad ag scaipeadh chultúr na hÉireann fud fad an domhain.

Labhair Meon Eile le beirt acu, Ronan agus Dara, faoi na héachtaí móra atá bainte amach acu go dtí seo.

Is féidir na buachaillí a leanúint ar Instagram, Facebook, TikTok agus YouTube nó is féidir suíomh dul chuig a suíomh anseo.

Close
Close