Is ionad teaghlaigh, pobail agus teanga é Ionad na Fuiseoige atá lonnaithe i gCill Uaighe in Iarthar Bhéal Feirste. Cuireann siad roinnt seirbhisí ar fáil don phobal áitiúil agus tá ‘Cumann Ceoil na Fuiseoige’ ar cheann de na himeachtaí is clúití atá acu.
Bhí an t-ionad lán go doras ar na mallaibh agus an chéad rang den téarma ar siúl. Bíonn roinnt ranganna ar fáil do dhaoine idir óg agus aosta le linn na hoíche ar nós ranganna cláirsí, ranganna feadóg stáin, ceachtanna giotáir agus bodhráin agus tuilleadh nach iad.
Le deireadh a chur leis an oíche bíonn seisiún ceoil ollmhór acu le chéile, rud a thógann muinín na ndaltaí, dar le Christine Mhic Colaim a oibríonn leis an Chumann.
Dúirt Christine linn fosta faoi cé chomh tábhachtach is atá sé go mbíonn spraoi i gceist leis na ranganna, go háirithe le daoine óga, agus go mothaíonn siad uilig go bhfuil pobal an cheoil thart orthu.