Corn Cuimhneacháin Sheáin Mhic Aindreasa

Seoladh comórtas sean-nóis ainmnithe in ómós don ghníomhaí, caomhnóir amhrán agus teagascóir den scoth, Seán Mhic Aindreasa, mar pháirt den fhéile 'Sean-nós na Fearsaide' i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtáin, Béal Feirste, ar na mallaibh.

Ba í seo an chéad bhliain de Chorn Cuimhneacháin Sheáin Mhic Aindreasa agus bhí Meon Eile i láthair le scoth an n-amhrán a chluinstin ó na hiomaitheoirí.

Bhí an t-ádh ar Meon Eile buaiteoir an choirn, Liam Ó Ceallaigh, agus garpháiste de chuid Sheáin Mhic Aindreasa, Maedhbh, a chur faoi agallamh. Labhair Maedhbh linn faoin bhród a mhothaigh sí agus í ag freastal ar an ócáid agus faoin tábhacht a bhaineann leis an traidisiún a choinneáil beo don chéad ghlúin eile...

Close
Close