Ceol úrnua ó Neil Ó Briain

Is ceoltóir as Corcaigh é Neil Ó Briain a sheinneann ar an ghiotár. Tá albam úr le Neil ag teacht amach an 20 Samhain 2021 agus bhuail Meon Eile leis le fáil amach cad é a bheas le cluinstin ar an albam.

Tá stíl ar leith ag Neil ar an ghiotár darb ainm, méarstíl a bhfuil tiomántas agus scil nach beag de dhíth lena cleachtadh. Bhí tionchar mór ag leithéidí Steve Cooney agus Tony McManus air in imeacht na mblianta.

'Achar' is teideal don albam nua agus tá Neil ag súil lena chuid ceoil a roinnt leis an phobal go luath. Is féidir teacht ar an cheol anseo

Close
Close