Comórtas BEO buaite ag 'Grooveline' ag Oireachtas na Samhna 2018

Ba é an grúpa Grooveline a thóg leo comórtas BEO na bliana seo ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne.

Comórtas d’amhráin nuachumtha é BEO atá dírithe ar dhéagóirí agus é ag dul ó neart go neart.

Ba iad Gráinne Bleasdale, Cian Mac Cárthaigh agus Caitríona Ní Shúilleabháin a bhí i suíocháin na moltóirí. 

Is í Niamh Ní Chróinín, láithreoir raidió, a bhí ina bean an tí don oíche.

Cinneadh deacair a bhí le déanamh ag na moltóirí, ach ba ar amhrán spleodarach Grooveline, ‘Deis Dall’, a bronnadh an chéad duais de €2,000.

Beidh an deis ag an bhanna ceoil óg taifeadadh gairmiúil a dhéanamh ar an amhrán do dhlúthdhiosca Ceol 19 fosta.

Conor Gilpin a tháing sa dara háit agus thug an banna Geal an tríú duais abhaile leo

Close
Close