Clióna McDonald agus cairde: buaiteoirí Chomórtas BEO ag Oireachtas na Samhna

Is í Clióna McDonald agus a cairde, Katie Groarke, Kate Murphy agus Eabha McDonald a thóg leo comórtas BEO na bliana seo ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath

Comórtas d’amhráin nuachumtha é BEO atá dírithe ar dhéagóirí agus é ag dul ó neart go neart.

Is iad Sinéad Ní Uallacháin, Cian Mac Cárthaigh agus Richie O'Hara a bhí i suíocháin na moltóirí. 

Is í Niamh Ní Chróinín, láithreoir raidió, a bhí ina bean an tí don oíche.

Cinneadh deacair a bhí le déanamh ag na moltóirí, ach is ar amhrán Chlióna, ‘Shiúil tú as mo shaol’ a bronnadh an chéad duais.

Close
Close