Comhlacht foilsitheoireachta Cois Life ag seoladh theidil an earraigh

Comhlacht foilsitheoireachta Cois Life ag seoladh theidil an earraigh

Sheol an comhlacht foilsitheoireachta, Cois Life, ceithre theideal nua i mBaile Átha Cliath le gairid.

Meascán suntasacht d’ábhar a bhí i gceist, ó údair aitheanta: Breandán Delap, Orna Ní Choileáin, Áine Ní Ghlinn agus Liam Ó Muirthile.

Cathal Póirtéir a bhí mar Fhear an Tí don ócáid, agus léigh na húdair sleachta óna gcuid saothar don slua breá a bhí i láthair.

Rinne an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, an saothar Scéal Scéil a sheoladh.

D’fhreastail Meon Eile ar an Library Project i mBarra an Teampaill, agus seo chugaibh blaiseadh den méid a tharla…

Comhlacht foilsitheoireachta Cois Life ag seoladh theidil an earraigh

Bhunaigh an Dr. Caoilfhionn Nic Pháidín agus an Dr. Seán Ó Cearnaigh Cois Life i 1996 “chun saothair liteartha agus taighde a chur ar fáil i nGaeilge.”

Foilsíonn siad tuairim is 6 nó 7 teideal in aghaidh na bliana agus dar le Caoilfhionn “cé go bhfuil an éarnáil píosa dúshlánach ó thaobh na margaíochta de i láthair na huaire, níl aon easpa ábhar ann agus ba mhaith linn leanúint ar aghaidh más féidir i mbun foilsitheoireachta Gaeilge.”

Ba iad na ceithre theideal a seoladh ná Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán, curtha in eagar ag Breandán Delap, Sciorann an tAm le Orna Ní Choileáin, Daideo le Áine Ní Ghlinn agus An Colm Bán le Liam Ó Muirthile.

Close
Close