Comhairle scríbhneoireachta ó údair aitheanta

Mar chuid den fhéile, 'Fómhar na Leabhar', a reáchtáil Leabhar Breac, thug roinnt scríbhneoirí agus údar cuairt ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste, áit ar ghlac siad páirt i bpainéil a phléigh an litríocht, an léitheoireacht agus a dtaithí féin ar an cheird.

Bhí Meon Eile i láthair ag plé ar leabhair ficsin a raibh Darach Ó Scolaí ina chathaoirleach air agus Eilís Ní Anluain, Colm Ó Ceallaccháin agus Alan Titley ar an phainéal. Labhair an ceathrar acu faoina saothar féin agus faoin bpróiseas scríbhneoireachta.

Thug Darach agus Colm beirt comhairle do scríbhneoirí nua agus labhair muid chomh maith leis an stiúrthóir agus scríbhneoir scannán, Damian McCann, a bhí sa lucht féachana.

Tá leabhair na scríbhneoirí ar fad a ghlac pairt san fhéile i mbliana ar díol sa siopa leabhair, An Ceathrú Poilí, agus i siopaí maithe eile.

Close
Close