Le hAoine an Chéasta romhainn, is cosúil go mbeidh iasc a chocáireacht ag muintir naofa, muintir spioradálta agus leoga fosta iad siúd go dtaitníonn bia folláin leo.
Chuaigh Meon Eile i gcomhairle ar Bhrian ‘Danny Minnie’ Ó Domhnaill faoin tslí is fearr chun dul i mbun cocáireachta éisc sa chistin.
Tá cáil nach beag ar Bhrian óna chuid cláracha cócaireachta le RTÉ agus TG4.
Tá neart leideanna aige dúinn nach rachaidh ar seachrán amárach!