Club an Chonartha fós i mbaol a dhruidte?

Roimh an Nollaig bhris an scéal go raibh Club Chonradh na Gaeilge i mbaol a dhruidte.

Tá an teach tábhairne aitheanta, atá lonnaithe ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, ar an fhód le breis agus 50 bliain anuas.

Tá dream beag ag obair ar bhonn deonach chun an club a reáchtáil le roinnt blianta anuas, ach ní leor sin dár le hiar-Chathaoirleach Choiste an Chlub, John Ó Liodáin.

D'impigh Ó Liodáin ar dhaoine le déanaí tacú leis an chlub agus leis an choiste.

Labhair sé faoi na deacrachtaí a bhí acu daoine a mhealladh isteach an doras agus an gnó a choinneáil ag imeacht.

Ó shin ceapadh coiste úr ag Cruinniú Cinn Bliana Chlub Chonradh na Gaeilge.

Labhair muid le Cathaoirleach nua an Choiste, Ciarán Wadd, faoin tábhacht a bhaineann leis an teach tábhairne agus faoina bhfuil i ndán dó.

Bhuail muid leis ag an oíche ‘maidhc oscailte’ a bhíonn ar siúl gach oíche Luain.

Chuir an ceoltóir, Dan Bracken, de bhunadh Chontae Mhuineacháin, tús leis an oíche seo coicís ó shín chun ardán a thabhairt do cheoltóirí agus fílí nua, agus chun misneach agus spreagadh a thabhairt daofa.

Tuilleadh eolais le fáil anseo


Close
Close