Cleamairí Fhear Manach

Cleamairí Fhear Manach

Tá cáil ar Chleamairí Fhear Manach mar gheall ar an siamsa a chuireann siad ar fáil, iad ag ceol agus ag damhsa in éadaí as an ghnáth. Tá aithne orthu freisin mar fhir tuí mar gheall ar na cultacha a chaitheann siad. Creideann na Cleamairí sna seantraidisiúin agus déanann siad sár-iarracht an seanchas a choinneáil beo. Bíonn siad ag taisteal ar fud na cruinne ag dul chuig féilte éagsúla agus chuig bainiseacha chomh maith. Chas Sarah de Búrca leo agus iad i mbun taispeántais ag bainis i bhFear Manach chun níos mó eolais a fháil ar cad a bhíonn ar bun acu.

Cleamairí Fhear Manach / Sarah de Búrca

Beidh Cleamairí Fhear Manach ag seoladh féilire dátheangach amárach. Beidh neart grianghraif de Chleamairí Fhear Manach le feiceáil sa fhéilire, chomh maith le neart pictiúir eile.

Close
Close