Oíche filíochta agus ceiliúradh ar chríoch 'Scríbhneoirí an tSléibhe'

Cuireadh clabhsúr ar Scríbhneoirí an tSléibhe le hoíche filíochta i nGairdín an Phobail in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh. Rinne na scríbhneoirí ceiliúradh ar an éacht a bhain an grúpa scríbhneoirí amach trí pháirt a ghlacadh i gceardlanna le chéile ar feadh sé seachtaine. Is mar chuid den fhéile bhliantúil, Féile na gCloigíní Gorma, a bhí an ceiliúradh.

Bhí deis acu siúd a ghlac páirt sna ceardlanna i mbliana a gcuid oibre a roinnt agus a léiriú go poiblí ag an imeacht. Bhí idir scéalta ficsin agus grinn, dánta agus amhráin le cluinstin ar an oíche. Níl Gaeilge de dhíth ort chun páirt a ghlacadh ann ach an oiread - bíonn an rogha ag daoine dul i mbun pinn i nGaeilge nó i mBéarla.

Labhair muid le Seán 'John Boy' Ó Muireagáin, stiúrthóir na gceardlann, agus le Francis Mezza a ghlac páirt iontu.

Close
Close