Ceolchoirm - Campa Banna 2024

Bhí An Croí i gCultúrlann Uí Chanáin, atá suite i lár chathair Dhoire, lán go doras ar na mallaibh chun an cheolchoirm dheireanach den Champa Banna a cheiliúradh.

Is campa samhraidh é Campa Banna a mhaireann ceithre lá do dhaoine óga idir 10-16 bliana d’aois atá ag iarraidh uirlis cheoil a fhoghlaim nó a gcuid scileanna a fhorbairt. Bíonn idir phopcheol, rac-cheol agus cheol traidisiúnta á sheinm ag na daltaí, iad uilig ag ullmhú don cheolchoirm phroifisiúnta ag deireadh an chúrsa.

Thug Meon Eile cuairt ar an lá ar leith seo agus labhair muid le Paul McIntyre, Comhordaitheoir Ceoil Acadamh Ceoil Chaoimhin Ui Dhochartaigh agus d’inis sé dúinn faoi cé chomh tábhachtach agus atá sé go bhfuil deiseanna cosúil leis an Champa Banna ar fáil do dhaoine óga atá ag dul don cheol.

Labhair Jack Warnock, ceoltóir mór le rá agus múinteoir sa champa, faoin chaighdeán ard ceoil a mhothaigh sé i measc na ndaltaí agus an mhuinín a bhí acu ar an ardán.

D’inis beirt daltaí dúinn faoi na rudaí áirithe a d’fhoghlaim siad le linn an chúrsa agus na rudaí is mó a thaitin leo faoin eispéireas.

Close
Close