Ceolchoirm 'Ceol na nGael’ in Áras Mhic Reachtain

Cuireadh coirm cheoil ar leith dar teideal 'Ceol na nGael' ar siúl oíche Dé Luain mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain agus Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste.

Is i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtain i dtuaisceart na cathrach a bhí an cheolchoirm don tríú bliain as a chéile, agus bhí Barr a’ Tí lán go doras mar is gnáth. 

Bailíodh plúr na gceoltóirí traidisiúnta le chéile don oíche agus sheinn siad seit aonair sular tháinig siad uilig le chéile ag an deireadh. Ina measc bhí Mick O'Brien, Derek Hickey, Ryan Molloy, Lorraine Ní Bhriain, George Mc Adam, agus Doireann O'Connor, iníon le Dónal O'Connor, a sheas isteach do Diane Ní Chanainn a raibh sceadamán nimhneach aici ar an lá.

D'fhreastail Meon Eile ar an oíche dhraíochtúil agus bhí an deis againn labhairt le Diane a bhí mar Bhean an Tí, le Dáithí Mac Uait ó Áras Mhic Reachtain, agus le Lorraine agus le Doireann sula ndeachaigh siad ar stáitse.

Close
Close