Ceol Éireannach i lár an aonaigh ag KnockanStockan


Don 13ú bliain as a chéile, thug an fhéile cheoil KnockanStockan ardán do réimse leathan de cheoltóirí Éireannacha.

Tá KnockanStockan suite i sléibhte Chill Mhantáin, taobh amuigh de Bhaile Choimín, áit ar thuirling na mílte ag an deireadh seachtaine.

Is féile í a chuireann béim ar leith ar dheiseanna seinnte a chur ar fáil do cheoltóirí agus do bhannaí Éireannacha.

Ceol d'achan chineál a cuireadh ar stáitse ag an fhéile i mbliana, chomh maith le clár leathan d'fhilíocht, de chainteanna agus de thaispeántais éagsúla. 

Bhí Meon Eile i láthair ag KnockanStockan agus fuair muid an deis labhairt le ceoltóirí agus lucht eagraithe na féile.

Close
Close