Ceol Damhsa as Gaeilge ó 'Ar an Tábla'

Tá an banna ceoil 'Ar an Tábla' anois níos mó ná bliain ar an fhód agus iad ag casadh ceol damhsa as an ghnáth.

Teanga na n-amhrán ná 'Béailge', mar a chuireann píomhamhránaí an ghrúpa, Cara Park, síos ar an mheascán den Bhéarla agus den Ghaeilge a labhraíonn sí le blas deas Chathair Dhoire.

Ina gcuid seóanna is í 'Madonna Kebab' (Cara) bean an tí ar an Cabaret Queeráilte (nó Kebaba-rave) ina n-imrítear cluichí agus léirítear filíocht, agus seinneann a comhghlacaí 'Mac Tíre' (Connor Mc Clean) ceol ar an mhéarchlá, an giotár agus ar an ríomhaire.

Bhí bliain rathúil ag 'Ar an Tábla' anuraidh, ag seinm ag féiltí ceoil amhail Féile na Gealaí agus The Bubble i Málta, agus tá siad faoi lán seoil arís i mbliana.

Lena meascán den ghreann, aisteoireacht, 'Trip-Hop Fried-Folk', agus acmhainn mhaith amaidí, tá 'Ar an Tábla' ag cur leis na forbairtí comhaimseartha i saol an cheoil Gaeilge.

Beidh siad le feiceáil an deireadh seachtaine seo ag féile 'Arcadian Fields' i nDun Dealgán agus i bPuball na Gaeilge ag Electric Picnic i gcionn roinnt seachtainí chomh maith.

Close
Close