Celtic Connections 2018 - IMLÉ

Tá Celtic Connections, féile cheoil thraidisiúnta agus dhomhanda i nGlaschú, ag ceiliúradh cúig bliana is fiche ar an fhód i mbliana.

Ardán don cheol Ceilteach é a mheallann na sluaite ó achan chearn den domhan agus a chuireann fáilte roimh os cionn 2,000 ceoltóir ar feadh 18 lá na féile. 

Chuaigh Meon Eile anonn go Glaschú chun bualadh le roinnt de cheoltóirí na féile.

Bhuail muid leis an bhanna ceoil 'IMLÉ' agus muid ann. 

Is banna spreagúil nuálach é IMLÉ ina bhfuil an dordghiotáraí Cian Mac Cárthaigh, an t-amhránaí agus giotáraí Fergal Moloney agus an fíodóir focal MC Muipéad.

Tarraingíonn IMLÉ ar mheascán breá stíleanna ó cheol rap agus pop go dtí an fhilíocht féin.

D'eisigh siad a gcéad albam 'IMLÉ' anuraidh agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi IMLÉ.

Close
Close