Celtic Connections 2018 - Brian Ó hEadhra & Fiona Mackenzie

Tá Celtic Connections, féile cheoil thraidisiúnta agus dhomhanda i nGlaschú, ag ceiliúradh cúig bliana is fiche ar an fhód i mbliana.

Ardán don cheol Ceilteach é a mheallann na sluaite ó achan chearn den domhan agus a chuireann fáilte roimh os cionn 2000 ceoltóir ar feadh 18 lá na féile. 

Chuaigh Meon Eile anonn go Glaschú chun bualadh le roinnt de cheoltóirí na féile.

Bhuail muid le Brian Ó hEadhra agus Fiona Mackenzie ann, lánúin chlúiteach cheolmhar.

Ceol traidisiúnta Éireannach agus Albanach a spreagann stíl ceoil na beirte seo agus is iomaí banna agus duine ar sheinn siad leo thar na blianta. Ina measc, Cruinn, Anam, Christine Primrose agus Amy Henderson.

Tá siad ag freastal ar Celtic Connections le 20 bliain agus i mbliana is i gcuideachta a chéile a sheinn siad.

Tá an chéad albam acu le chéile le heisiúint i bhFómhar na bliana seo darb ainm 'TÍR - Highland Voices'. Tá siad ag obair i gcomhpháirtíocht le ceoltóirí agus ealaíontóirí Albanacha eile chun léargas a thabhairt ar an saol i nGarbhchríocha na hAlban.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Bhrian Ó hEadhra agus Fiona Mackenzie anseo.


Close
Close