Celtic Connections - The String Sisters

Tá Celtic Connections, féile cheoil thraidisiúnta agus dhomhanda i nGlaschú, ag ceiliúradh cúig bliana is fiche ar an fhód i mbliana.

Ardán don cheol Ceilteach é a mheallann na sluaite ó achan chearn den domhan agus a chuireann fáilte roimh os cionn 2,000 ceoltóir ar feadh 18 lá na féile. 

Chuaigh Meon Eile anonn go Glaschú chun bualadh le roinnt de cheoltóirí na féile.

Bhuail muid le Mairéad Ní Mhaonaigh, fidléir mór le rá de bhunadh Ghaoth Dobhair, i nGaeltacht Thír Chonaill.

Tá clú ar Mhairéad siocair an bhaint atá aici leis an ghrúpa ceoil clúiteach, Altan.

Tá Altan ag ceiliúradh 30 bliain ar an fhód i mbliana agus albam úr eisithe acu dar teideal 'The Gap of Dreams'.

Bhí Mairéad i nGlaschú ag seinm leis an ghrúpa, The String Sisters. seisear de na fidléirí is fearr ar domhan.

Bunaíodh The String Sisters sa bhliain 2001, mar chuid de Celtic Connections, agus tá dhá dhlúthdhiosca curtha amach acu ó shin.

Sa ghrúpa tá, Mairéad Ní Mhaonaigh, Annbjørg Lien, Catriona MacDonaldEmma Härdelin, Liz Carroll agus Liz Knowles.

Tá albam úr seolta ag The String Sisters dar teideal 'Between Wind And Water'.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi The String Sisters ANSEO

Close
Close