Ceiliúradh ar oiliúnaithe an Chiste Craoltóireachta Gaeilge

*RABHADH: Tá splanc-ghrianghrafadóireacht san fhíseán thuas*

Is é an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, a bunaíodh in 2005, a chuireann maoiniú ar fáil do scannáin, cláir theilifíse agus cláir raidió ó thuaidh, agus maoiníonn sé thart fá 60 uair an chloig d’ábhar físe i nGaeilge in aghaidh na bliana.

Tá an oiliúint ina gné thábhachtach den obair fosta agus gach bliain cuireann an Ciste deiseanna oiliúna éagsúla ar fáil do chainteoirí Gaeilge atá ag obair san earnáil léiriúcháin neamhspleách i dTuaisceart na hÉireann nó ar mian leo dul ag obair inti. Faigheann na daoine sin taithí oibre le cuid de na comhlachtaí meán is mó a chruthaíonn ábhar Gaeilge.

Rinneadh ceiliúradh ar obair na n-oiliúnaithe san Ormeau Baths i mBéal Feirste ar na mallaibh - an chéad uair le dhá bhliain anuas a raibh an deis sin ann - agus bhí ceanasaí an Chiste Áine Walsh agus Róise Ní Bhaoil i láthair le teastais a bhronnadh ar na hoiliúnaithe.

Labhair Meon Eile le triúr atá ag céimeanna ar leith den turas s'acu sna meáin. Bríd NigAoidh atá i ndiaidh tosú ar scéim an Chiste, Dónal de Brún a bhfuil a chéad bhliain curtha isteach aige agus Aideen Hand a chríochnaigh an scéim roinnt blianta ó shin agus atá anois ag obair mar léiritheoir agus stiúrthóir. 

Tá tuilleadh eolais faoin Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus faoi na scéimeanna oiliúna le fáil anseo.

Close
Close