Céilí mór ag Belfast TradFest i gCeathrú an Titanic

Bhí céilí mór ar siúl ag Belfast TradFest ar na mallaibh agus thug Meon Eile cuairt ar Fhánán an Titanic le páirt a ghlacadh sa lá bríomhar.

Is féile ceoil thraidisiúnta í Belfast TradFest atá ag cur ceolchoirmeacha, scoileanna samhraidh, seisiúin agus eile ar fáil don phobal ón bhliain 2015.

Is é a bhí mar aidhm ag an chéilí, a bhí saor in aisce, daoine a tharraingt le chéile ar mhaithe leis an damhsa, an ceol agus an chraic. Mar gheall go raibh sé suite in aice le hIarsmalann an Titanic, mheall glór an cheoil daoine ó fud fad na cruinne chuig an ócáid i ndiaidh dóibh cuairt a thabhairt ar an fhoirgneamh.

I measc na gceoltóirí a bhí ag seinm ar an lá seo bhí Pure Blarney, Fidléirí Chontae Aontroma agus Dhoire, Mairead Ní Mhaonaigh agus Nia Ní Bheirne, Cleamairí Feirste agus go mór eile, chomh maith le ceardlanna ealaíne agus ciorcal bodhrán.

Labhair Meon Eile le Dónal O’Connor, Cormac Ó Briain agus Mairead Ní Mhaonaigh faoin fhéile féin, an céilí agus an tábhacht a bhaineann le ceol traidisiúnta a léiriú in áit chomh lárnach sa chathair.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin fhéile anseo.

Close
Close