Ceiliúradh 'Nasca' ag dul ó neart go neart in Ard Mhic Nasca

Tá an fhéile ‘Nasca’, atá á héagrú ag Cumann Gaelach Ard Mhic Nasca i gContae an Dúin, anois ina cúigiú bliain, agus mar chuid de na himeachtaí i mbliana bhí seó scéalaíochta do pháistí ar siúl i leabharlann an bhaile.

“Na Trí Ghabhar Ghaelacha” an léiriúchán a chuir an Compántas Amharclainne, Ababú ar stáitse, go dátheangach.

Bhí Stiúrthóir Ealaíon Ababú, Máire Andrews, i mbun scéalaíochta agus amhránaíochta, le Stiofán Ó Duibhfinn i mbun ceoil ar an ngiotár.

Ba léir gur bhain idir óg agus aosta sult as an spraoi agus ceiliúradh, agus bhí Meon Eile i láthair chun cuid den cheiliúradh a bhlaiseadh…

Ceiliúradh "Nasca" ag dul ó neart go neart in Ard Mhic Nasca / Fearghal Ó Maolagáin
Close
Close